Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 7:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Is ceadmhach do gach fireannach sagairt í a ithe. Ní foláir í a ithe in áit naofa; tá sí sárnaofa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Iósuidh gach aón fhirionnach a measc na sagart de sin: an sa náit náomhtha iostar é: ata ro naomhtha.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 7:6
11 Tagairtí Cros  

Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.


Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.


Is ceadmhach dó bia a Dhé a ithe, idir shárnaofa agus naofa,


Baineadh sé de a éidí ansin agus cuireadh éidí eile uime, agus beireadh sé an luaithreach leis on gcampa amach go háit ghlan.


Gach fireannach sagairt, is ceadmhach dó í a ithe; tá sí sárnaofa.


dódh an sagart na píosaí sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna. Íobairt chúitimh í seo.


Má bhíonn píosa feola coisricthe á iompar ag duine i bpóca aráin nó le hanraith nó le fíon nó le hola nó le bia ar bith, an mbíonn sé sin coisricthe freisin?’ ” “Ní bhíonn ná coisricthe,” d'fhreagair na sagairt.


Breathnaígí Iosrael na staire: an chuid acu a chaitheann an bia íobartha nach mbíonn siad páirteach san altóir?


Nach eol daoibh, iad sin a bhíonn i mbun searmanais an teampaill, go gcaitheann siad bia an teampaill; agus iad sin a bhíonn ag freastal ag an altóir, go bhfaigheann siad a gcion de bhia na haltóra?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí