Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 7:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ach má bhíonn an t‑íobarthach á íobairt mar ofráil mhóide nó méine, itear é lá a ofrála, agus itear an fuílleach lá arna mhárach;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Achd má bhíonn iódhbuirt a ofrála na moíd, nó na hofráil toileamhuil, ióstar an lá sin féin í ofrálas a íódhbuirt: agus ar na mhárach mar an gcéadna ióstar an fuigheall.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 7:16
17 Tagairtí Cros  

Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna i bhfianaise a phobail.


Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna i bhfianaise a phobail,


Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom; leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna -


na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.


“Bhí íobairtí le hofráil agam, agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.


Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh.


Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.


Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha.


seachas sabóidí an Tiarna, agus bhur dtabhartais, agus seachas na nofrálacha móide agus deona go léir a dhéanann sibh don Tiarna.


agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid,


Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.


Deachú d'arbhair, ná do fhíona, ná d'ola, ná céadghin do thána ná do thréada, ná aon ofráil mhóide dá móidíonn tú, ná aon ofráil dheonach, ná aon ofráil a thoirbhríonn tú, ní ceadmhach duit iad a ithe i do bhailte.


Ach na nithe naofa is dual uait agus d'ofrálacha móide, beir leat iad, agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna.


Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n‑ofrálacha loiscthe agus bhur n‑íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n‑ofrálacha móide agus bhur n‑ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí