Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Má tá sí á hofráil le híobairt bhuíochais, ofráladh sé mar aon léi builíní slimaráin fuinte le hola, cácaí slime le hola leata orthu, agus cístí de phlúr mín fuinte go maith le hola.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Má ofrálann sé é mar bhreith bhuidheachuis, ann sin ofráilfidh sé maille re íodhbuirt bheirthe bhuidheachuis bairgheana gan laibhín cumaiscthe le hola, agus abhlanna gan láibhin ungtha le hola, agus cacaidhe cumaiscthe le hola do phlúr mhín, fríalta.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 7:12
25 Tagairtí Cros  

Labhair Hiziciá arís agus dúirt: “Rinne sibh sibh féin a choisreacan don Tiarna; tagaigí i leith. Tugaigí íobairtí comaoineach agus molta go Teampall an Tiarna.” Thug an comhthionól íobairtí comaoineach agus molta, agus thug lucht chroí mhóir íobairtí dóite.


D'atóg sé altóir an Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí síochána agus buíochais uirthi, agus d'ordaigh sé do Iúdá seirbhís a dhéanamh don Tiarna, Dia Iosrael.


Másaeiá freisin agus Seamaiá, Eileázár, Uizí, Iahóchánán, Mailcíveá, Éalám agus Eizir. Chan na cantairí faoi threoir Iazraichiá a gceannaire.


Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,


Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit; gairfidh mé ainm an Tiarna.


an té a ghabhann buíochas mar íobairt, is é sin an té a thugann urraim dom; agus don té a mhaireann gan cháim taispeánfaidh mé slánú Dé.”


guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’


Fill, a Iosrael, ar an Tiarna, do Dhia, óir baineadh tuisle asat de dheasca do chuid urchóide.


Más abhlann de thaos bruite sa sorn a bhíonn le hofráil agat, bíodh inti builíní slimaráin de phlúr fuinte le hola, nó cácaí slimaráin agus ola leata orthu.


Más abhlann bruite ar an ngrideall a ofrálann tú, bíodh sí de phlúr mín gan ghabháile, fuinte le hola.


Má ofrálann sibh íobairt bhuíochais don Tiarna, ofrálaigí í ar mhodh inghlactha.


Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.


Feoil an íobarthaigh chomaoineach bhuíochais, itear í lá a hofrála; ná fágtar aon ruainne di go maidin.


ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín, foilsígí os ard na híobairtí deonacha, mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael, a deir an Tiarna Dia.


agus cliabh de bhuilíní slimaráin de phlúr mín fuinte le hola agus de chácaí gan ghabháile le hola leata orthu, mar aon leis na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo.


agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.


An ea nach raibh aon duine le fáil a thiocfadh ar ais ag tabhairt glóire do Dhia ach an coimhthíoch seo amháin?”


mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.


ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.


Mar sin de, ofrálaimis íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá, briathra ár mbéil ag moladh a ainm.


agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí