Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 5:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Croitheadh sé cuid de fhuil an íobairt pheaca ar chliathán na haltóra, agus déanadh sé fuílleach na fola a fháscadh as ag bun na haltóra. Íobairt pheaca í seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus dóirtfidh dfuil na hofrála peacaidh ar tháobh na haltóra; agus fáisgfíghear án chuid eile don fhuil amach ag bónn na haltóra: Is ofráil peacuidh sin.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 5:9
12 Tagairtí Cros  

Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.


Déanadh an sagart é a ofráil ag an altóir, agus a cheann a stoitheadh de agus é sin a dhó ar an altóir. Fáisceadh sé an fhuil as ar thaobh na haltóra.


Ansin maraíodh sé an tarbh i láthair an Tiarna agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a ofráil. Déanfaidh siad í a dhoirteadh ar imill na haltóra atá ag doras Bhoth na Teagmhála.


Cuireadh sé beagán den fhuil ar bheanna na haltóra atá os comhair an Tiarna i mBoth na Teagmhála, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.


Ansin tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca lena mhéar agus cuireadh sé ar bheanna altóir an uileloiscthe í; doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun altóir an uileloiscthe.


Tógadh an sagart beagán dá fhuil ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile den fhuil ag bun na haltóra.


Tógadh an sagart beagán d'fhuil an íobairt pheaca ar a mhéar agus cuireadh sé í ar bheanna altóir an uileloiscthe, agus doirteadh sé an chuid eile dá fuil ag bun na haltóra.


Ansin cuireadh an sagart beagán den fhuil ar bheanna altóir na túise cumhra i láthair an Tiarna i mBoth na Teagmhála; agus doirteadh sé an chuid eile de fhuil an tairbh ag bun altóir an uileloiscthe ag doras Bhoth na Teagmhála.


Maraítear íobarthach an chúitimh san áit ina maraítear na huileloiscthigh, agus croitear a chuid fola ar imill na haltóra.


agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.


Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí