Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 5:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tabharfaidh sé chun an tsagairt é, agus tógfaidh an sagart dorn de mar chuid chuimhnithe, agus an méid sin a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt dhóite don Tiarna. Íobairt pheaca í seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Annsin do bhéura sé chum an tsagairt é, agus glacfuidh án sagart lán a dhuirnn de, eadhon na chuimhne sin, agus loiscfidh ar naltóir é, do réir na nofráladh do níthear teinidh don TIGHEARNA: is ofráil pheacaidh sin.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 5:12
15 Tagairtí Cros  

Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.


Stolladh sé ina dhá leath é, le sciathán ar gach taobh, ach ná scaradh sé an dá chuid ó chéile. Dódh an sagart ar an altóir ansin é ar an mbrosna ar an tine. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite, agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.


Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.


Mar chuid chuimhnithe, dódh an sagart cuid den ghrán meilte agus den ola agus an túis chumhra go léir; is íobairt dhóite don Tiarna í.


Tugadh sé í chun clann Árón, na sagairt. Tógadh sé dorn den phlúr agus den ola, agus an túis chumhra go léir, agus dódh an sagart an méid sin ar an altóir mar chuimhneachán, ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.


Tógadh an sagart an chuid chuimhnithe den abhlann agus dódh sé ar an altóir í mar ofráil loiscthe a mbeidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna.


Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, mar ofráil dhóite don Tiarna.


an dá dhuán, an tsaill orthusan agus ar na háranna, agus an meall saille a bhainfidh sé ó na duáin.


Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.


Mura bhfuil sé d'acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.


Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”


Tógadh sé dorn de phlúr mín na habhlainne - leis an ola agus an túis a cuireadh léi - agus dódh sé an chuid chuimhnithe seo ar an altóir mar bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.


Tógadh sé dorn den abhlann mar chuid chuimhneachán agus dódh sé ar an altóir é. Ansin cuireadh sé faoi deara don bhean an t‑uisce a ól.


Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.


agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí