Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 4:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Má dhéanann comhthionól Iosrael go léir peaca le barr neamhaire, agus rud éigin, atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna, a dhéanamh gan fhios don chuallacht, agus go mbíonn siad ciontach,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 ¶ Agus má pheacuigheann uile chomhchruinniughadh Israel tré ainbhfios, agus an ni do bheith fá cheilt a súilibh an oireachduis, agus go ndearnthar ní éigin a naghuidh aithneadh an TIGHEARNA, a ttáobh neítheadh nár chóir do dhéanamh, agus go bhfuilid ciontach;

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 4:13
17 Tagairtí Cros  

Thug siad a mbriathar gill go gcuirfidís a mná ar shiúl agus d'ofráil siad reithe mar íobairt pheaca mar leorghníomh ina gciontacht.


Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh.


An lá sin ofrálfaidh an prionsa tarbh óg mar íobairt pheaca dó féin agus do phobal uile na tíre.


Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]


“Faigheadh sé dhá phocán gabhair d'íobairt pheaca agus reithe do íobairt uileloiscthe ó chomhthionól chlann Iosrael.


Ní foláir dó an tarbh a bhreith amach as an gcampa agus a dhó mar a rinne leis an gcéad cheann. Íobairt pheaca ar son an chomhthionóil í seo.


“Má pheacaíonn duine agus, le barr neamhaire, rud éigin atá coiscthe ag aitheanta an Tiarna a dhéanamh, tá sé ciontach agus caithfidh sé iarsmaí a lochta a iompar.


má pheacaíonn sé agus go mbíonn sé ciontach dá réir sin, ní foláir dó gach ar thóg sé nó ar éiligh sé sa bhreis a chúiteamh: an geall a fágadh aige an mhaoin chaillte a fuair sé,


Má theipeann ort, trí neamhaire, maidir le haon cheann de na haitheanta a thug an Tiarna do Mhaois


Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t‑arán nó a ólann cupa an Tiarna go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna.


cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.


Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d'ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí