Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 3:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Dódh an sagart an chuid seo ar an altóir mar bhia, ina ofráil dhóite mar chumhracht thaitneamhach. Leis an Tiarna an tsaill go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus loisgfidh an sagart iad ar an altoir: sé sin biadh na hofrálá déanta le teinidh mar bholadh cumhra: a nuile mhéathus is léis an TIGHEARNA é.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 3:16
19 Tagairtí Cros  

agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D'fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt


Seachas sin go léir bhí ofrálacha dóite de choda méithe na n‑íobairtí comaoineach, agus iliomad íobairtí dí ag gabháil leis na híobairtí uileloiscthe. Rinneadh liotúirge Theampall an Tiarna a athnuachan ar an gcuma sin.


Rinne Solamh rí lár na cúirte os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a rinne Solamh róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus na spólaí méithe a iompar.


Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.


“Méith an reithe, an t‑eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist),


Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.


“Na sagairt Léivíteacha, mic Zádóc, a chomhlíon a ndualgais dom sa sanctóir nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán i bhfad uaim, beidh cead acusan triall orm chun freastal orm. Seasfaidh siad i mo láthair ag ofráil saille agus fola dom - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Croitheadh an sagart an fhuil ar altóir an Tiarna atá ag doras Bhoth na Teagmhála; agus dódh sé an tsaill agus taitneoidh a boladh cumhra leis an Tiarna.


Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó.


Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.


Ansin thóg sé an tsaill: an t‑eireaball méith, an tsaill ar an ionathar, an meall saille ar an ae, an dá dhuán agus an tsaill orthusan, agus an cheathrú dheas.


Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.


Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí