Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Más íobairt chomaoineach í íobairt duine, agus má ofrálann sé ainmhí ón táin, fireann nó baineann, bíodh cibé rud a ofrálann sé i láthair an Tiarna gan mháchail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus má bhíonn a ofráil na iodhbuirt shíothchana, mas don airighe afrálas sé; má bhionn firionn no baínionn, ofrálfuidh sé é gan tóibheim a lathar an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 3:1
29 Tagairtí Cros  

Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,


Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit.


Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.


Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n‑íobairtí síochána; is é a n‑ofráil don Tiarna é.”


“Bhí íobairtí le hofráil agam, agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.


Ag deireadh an ama sin, ón ochtú lá amach, ofrálfaidh na sagairt ar an altóir bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí síochána; agus glacfaidh mise go cineálta libh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Tobhfaidh sibh caora ó gach tréad de dhá chéad ó [theaghlaigh] Iosrael; sin í an ofráil do na habhlanna, do na híobairtí dóite agus do na híobairtí síochána. Is é sin bhur leorghníomh - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail.


Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.


Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n‑íobairtí comaoineach don Tiarna.


Más beithíoch ón tréad a ofrálann sé mar íobairt chomaoineach don Tiarna, ofráladh sé fireannach nó baineannach gan mháchail.


Ar deireadh mharaigh sé an damh agus an reithe mar íobairt chomaoineach don phobal. Shín clann Árón an fhuil chuige agus dhoirt sé í ar imill na haltóra.


damh agus reithe le marú i láthair an Tiarna agus abhlann fuinte le hola. Óir taispeánfaidh an Tiarna é féin daoibh inniu.’ ”


Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia, ní ghlacfaidh mé leo; agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.


Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.


Nuair is ainmhí dall a ofrálann sibh ina íobairt dom, nach olc an mhaise daoibh é? Nuair a ofrálann sibh beithíoch atá bacach breoite dom, nach olc an mhaise daoibh é sin chomh maith? Tairg do do ghobharnóir é. An mbeidh sé sásta leat? Nó, an bhfáilteoidh sé romhat go caoin? a deir Tiarna na Slua.


Sa chás gur tarbh a bhíonn á ofráil agat mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é nó mar íobairt chomaoineach don Tiarna,


agus déanadh sé a ofráil don Tiarna: mar íobairt loiscthe uan fireann bliana gan mháchail; mar íobairt chomaoineach, reithe gan mháchail,


agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.


agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Ghamailiéil mac Phadázúr.


Ofráil d'íobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i d'íobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe.


agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.


Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.


Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.


Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t‑arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna.


Lá arna mhárach, d'éirigh an pobal go moch agus thógadar altóir ann, agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí