Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 21:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ná gabhadh sé amach ón áit bheannaithe agus ná truaillíodh sé sanctóir a Dhé; óir iompraíonn sé coisreacan a Dhé air féin, an coisreacan a rinneadh air le hola. Mise an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Ní mó rachus a mach as an tsanctóir, nó thruáillfeas sanctóir a Dhe; óir atá coróin ola náomhtha a Dhé air: mísi an TIGHEARNA:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 21:12
9 Tagairtí Cros  

“Déanfaidh tú lann d'ór fíre agus ‘Naofa don Tiarna’ a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala.


Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;


Ná fágaigí doras Bhoth na Teagmhála le heagla go bhfaigheadh sibh bás; óir tá criosma an Tiarna oraibh.” Rinneadar mar a dúirt Maois.


“Bean atá fós ina maighdean ní foláir dó a ghabháil chuige mar chéile.


Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n‑éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n‑éidí, ar an gcuma sin.


Fad a bhíonn sé coisricthe don Tiarna ná téadh sé i ngar do chorpán.


an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí