Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 20:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus suidhéochuidh misi maghaidh a naghaidh an duine sin, agus gearrfad a mach é as lár a dhaóine: do chionn go ttug cuid dá shíol do Mhólech, do thruailleadh mo shánctóra, agus do tharcuisníughadh manma náomhtha.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 20:3
16 Tagairtí Cros  

Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.’ ”


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mura toil libh éisteacht liomsa, a mhuintir Iosrael, imígí libh, ní amháin anois ach as seo amach, gach duine agaibh faoi réir bhur n‑íol féin. Ach ní thruailleoidh sibh m'ainm naofa níos mó le bhur mbronntanais agus le bhur n‑íola.


Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.


Seachnaigí clann Iosrael ar a neamhghlaine, le heagla go bhfaighidís bás dá barr, mar go dtruailleoidís mo thaibearnacal atá ina measc.


Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.


Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.


Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna.


Má thugann muintir na tíre an tsúil chaoch ar aon slí don duine sin agus é ag tabhairt leanbh leis do Mhoilic, agus gan é a chur chun báis,


Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.


ach an duine a íosfaidh feoil íobairt chomaoineach a ofráladh don Tiarna, agus é fós neamhghlan, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.


Má bhaineann duine le neamhghlan, duine nó ainmhí neamhghlan, nó aon ní truaillithe, agus ansin feoil íobairt chomaoineach don Tiarna a ithe, déantar an duine sin a ionnarbadh óna phobal.”


An té a bhaineann le corpán mairbh, is cuma cé hé, agus nach ndéanann é féin a íonghlanadh, truaillíonn sé taibearnacal an Tiarna. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ó Iosrael, mar nár ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; bíonn sé neamhghlan; leanann a neamhghlaine de.


Mura ndéanann duine neamhghlan é féin a ghlanadh, gearrtar amach ón gcomhthionól é, óir thruailleodh sé sanctóir an Tiarna. Níor ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; tá sé neamhghlan.


Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n‑impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí