Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 17:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus nach dtiubhra go dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe é, do ofráil íodhbartha don TIGHEARNA as coinne thabernacuil an TIGHEARNA; cuirfighear fuil a leith an fhirsin; do dhóirt sé fuil; agus gearrfuighear an duine sin amach ó mheasg a dháoine:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 17:4
30 Tagairtí Cros  

An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.”


an té nach gcuireann an Tiarna cion ina leith, ‘s nach bhfuil cealg ina chroí.


Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é.


Ar feadh seacht lá ní bheidh teacht ar ruainne gabháile in bhur dtithe, mar má itheann aon duine arán ina bhfuil gabháile, teascfar amach ó chomhthionól Iosrael an duine sin, bíodh sé ina dheoraí nó ina dhúchasach.


Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.’ ”


Aon duine a dhéanfaidh a macasamhail le húsáid mar chumhrán, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.”


An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.


Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir.


Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.


Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.


Óir fuil gach feola is anam di; uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caithigí fuil aon fheola mar is í a fuil anam gach feola agus aon duine a chaithfidh í, gearrfar amach óna phobal é.


Aon duine de theaghlach Iosrael a mharaíonn damh nó uan nó gabhar sa champa nó lasmuigh de,


Ar an gcuma sin, na hainmhithe is mian le clann Iosrael a mharú faoin tuath, tabharfar go dtí an sagart iad, don Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála; déanfaidh siad iad a mharú ina n‑íobairtí comaoineach don Tiarna.


gan í a thabhairt go doras Bhoth na Teagmhála, chun í a ofráil don Tiarna, gearrtar amach óna phobal é.


Óir aon duine a dhéanann rud gráiniúil díobh sin, is cuma céard é, aon duine a dhéanann a leithéid, ní foláir é a ionnarbadh óna phobal.


Bean a dhruideann le hainmhí chun luí leis: maraítear an bhean agus an t‑ainmhí. Ní foláir iad a mharú; bíodh a bhfuil sa mhullach orthu féin.


Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d'fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.


Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.


Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.


Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.


Ansin dúirt Íosa leo arís: “Amen, Amen, a deirim libh, Mise doras na gcaorach.


Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.


Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.


Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n‑áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha:


Bhí an peaca ar an saol, ar ndóigh, sular tugadh an dlí ach ní chuirtear an peaca sa chuntas mura mbíonn dlí ann.


Agus tháinig an dlí isteach chun méadú ar an gcoir ach an áit ar mhéadaigh ar an bpeaca is mó fós a mhéadaigh ar an ngrásta,


Leath brat do mhaithiúnais ar do phobal Iosrael a d'fhuascail tú a Thiarna, agus ná doirtear aon fhuil neamhchiontach i measc do phobail Iosrael.’ Ar an tslí sin beidh brat cosanta orthu ón bhfíoch fola.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí