Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 16:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tógadh sé túiseoir lán de sméaróidí dearga ón altóir os comhair an Tiarna, agus dhá chrobh de thúis mhín chumhra, agus tugadh sé thar fial isteach é,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus glacfuidh sionnsa lánn do smeorthóidibh teineadh ó a naltóir as coinne an TIGHEARNA, agus lan a ghlaice do thúis dheaghbholuidh brúite go mín, agus do bhéura táobh a stigh do nfolach é:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 16:12
13 Tagairtí Cros  

agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.”


Rinne sé an criosma naofa leis, agus an túis ghlan chumhra, í cumasctha mar a dhéanfadh poitigéir.


Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d'ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh.


Thóg gach fear a thúiseoir más ea, chuir tine ann, agus chuir túis ar an tine. Bhíodar ina seasamh ag doras Bhoth na Teagmhála agus Maois agus Árón in éineacht leo.


Ansin dúirt Maois le hÁrón: “Tóg do thúiseoir, cuir tine ón altóir ann, agus leag túis air, agus brostaigh leis go dtí an comhthionól chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh; óir tá fraoch na feirge sceite anuas ón Tiarna agus tá an phlá sa siúl.”


Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.


Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.


Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.


Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.


Ansin thóg an t‑aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D'éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí