Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 15:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Labhair le clann mhac Iosrael agus abair leo: Nuair a tharlaíonn sileadh ó chorp fir, is neamhghlan é an sileadh sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Labhair ré cloinn Israel, agus abair ríu, A nuáir bhías creáchd ar silt ar aonduine as a fheóil, do bhrígh créachd a shilte atá se neamhghlan.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 15:2
15 Tagairtí Cros  

Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”


nuair a d'eisigh sé reachtanna do Iacób, nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael. D'ordaigh sé mar aithne dár n‑aithreacha an dlí seo a mhúineadh dá gclann


Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:


Fad a mhaireann an sileadh is mar seo leanas an dlí dá neamhghlaine: cibé acu a choisceann a chorp an sileadh nó nach ndéanann, bíodh sé neamhghlan.


Aon duine de shliocht Árón ar a mbíonn lobhra nó sileadh cneá, ná hitheadh sé na nithe naofa go nglantar é. Aon duine a bhaineann le rud a fágadh neamhghlan ag corpán, nó duine a chailleann síol,


nó má bhaineann sé le neamhghlaine dhaonna, cibé sórt neamhghlaine í trína n‑éiríonn duine neamhghlan, agus nach eol dó é, ach ina dhiaidh sin go bhfaigheann sé amach ina thaobh agus gur ciontach é;


“Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach.


Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,


Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag,


Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,


Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí