Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 13:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ach má leathann an ghearb ar an gcraiceann tar éis don othar é féin a thaispeáint don sagart agus é a fhógairt glan, tagadh sé i láthair an tsagairt arís.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Achd má leathnuigheann an léus a mach go mór annsa chroicionn, tar éis a faicsiona don tsagart ar son a ghlanta, féuchfuidh an sagart air a rís:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 13:7
10 Tagairtí Cros  

Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionam agus tháinig do lámh anuas orm.


“Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.


Scrúdaiodh an sagart é ar an seachtú lá agus má bhíonn an galar leata ar an gcneas, ansin fógraíodh an sagart neamhghlan é; lobhra atá i gceist.


Déanadh an sagart iniúchadh air arís an seachtú lá, agus má bhíonn an ball tinn gan luisne agus gan leathadh ar an gcraiceann, ansin fograíodh an sagart an duine glan. Níl ann ach gearb; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.


Tar éis don sagart é a iniúchadh agus a dheimhniú gur leath an ghearb ar an gcraiceann, ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Lobhra í seo.”


Filleadh an sagart faoi chionn seacht lá, agus iniúchadh; agus má bhíonn an galar leata ar bhallaí an tí,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí