Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 13:51 - An Bíobla Naofa 1981

51 Ar an seachtú lá, má fheiceann sé go bhfuil an lot leata ar an mball éadaigh, nó ar an ábhar, ar an tseithe nó ar an déantús leathair, cibé acu a bhíonn i gceist, is lobhra thógálach a bhíonn i gceist agus tá an rud féin neamhghlan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

51 Agus féuchfuidh ar an loit an seachdmhadh lá: má leathnuigheann an loit sa néadach, san dlúth, nó sa ninneach, nó a ccroicionn, nó a nobair ar bith do níthear do chroicionn; is lúbhra chrínteach an loit; atá sé neamhghlan.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 13:51
5 Tagairtí Cros  

bíodh sé ina bhall éadaigh nó ina bhrat olla nó lín, bíodh sé ina sheithe nó ina dhéantús leathair -


Déanadh an sagart an lot a scrúdú agus cuireadh sé an rud loite ar leithrigh ar feadh seacht lá.


Dódh sé an ball éadaigh, nó an t‑ábhar, an brat lín nó olla, nó an déantús leathair is cuma cén sórt, ar a bhfuil an lot; óir is lobhra thógálach í a chaithfear a scrios le tine.”


Filleadh an sagart faoi chionn seacht lá, agus iniúchadh; agus má bhíonn an galar leata ar bhallaí an tí,


tagadh an sagart á iniúchadh; má fheiceann sé gur leath an galar, ciallaíonn sin go bhfuil lobhra thógálach sa teach; tá sé neamhghlan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí