Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 13:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Nuair a bhíonn at nó gearb nó spota ar chneas duine, ní mór a bheith in amhras faoi lobhra chnis. Ní foláir an duine a bhreith chun Árón an sagart, nó go duine dá chlann mhac is sagart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A nuáir bhías ag éanduine, at nó gearb, nó léus a ccroiceann a fhéola, agus go mbía a gcroiceann a fhéola, amhuil plágha lubhra; bearthar an sin chum Aáron an sagart é, nó go mac dhá mhacaibh, bhías na shagairt:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 13:2
23 Tagairtí Cros  

Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”


Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar.


Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus d'imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.


ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann: créachtaí, fearbacha, cneánna oscailte nach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu, ná cógais ola.


Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach agus a náire tarnocht.”


Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:


Ní foláir don sagart an galar cnis a iniúchadh. Má bhíonn an fionnadh san áit galraithe liata, agus má bhíonn an galar ag dul sa bheo, ansin go deimhin is cás lobhra é, agus tar éis a scrúdaithe caithfidh an sagart an t‑othar a fhógairt neamhghlan.


Tar éis don sagart é a iniúchadh agus a dheimhniú gur leath an ghearb ar an gcraiceann, ní foláir don sagart é a fhógairt neamhghlan. Lobhra í seo.”


Téadh an sagart ón gcampa amach. Má fhaigheann an sagart amach, arna iniúchadh, go bhfuil an lobhar leigheasta ón ngalar lobhrach,


tagadh an sealbhóir le rabhadh chun an tsagairt: ‘Dealraíonn go bhfuil sórt éigin galair i mo theach.’


do at nó do mhéirscre nó do ghearb,


Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.


Chomh luath agus a d'imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d'fhéach uirthi; b'shiúd í ina lobhar.


Ná bíodh sí mar árrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.”


Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”


ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d'ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.”


Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad.


Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”


I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.


Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí