Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 11:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 ach aon ní sna farraigí nó sna haibhneacha atá gan eite gan ghainne, dá bhfuil de mhíola idir bheag agus mhór sna huiscí, bíodh an ghráin agaibh orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a mheid ar nach bhfuil eiteach no lanna annsna fairgibh, agus annsna srothaibh, don mhéid corruigheas annsna nuisce, agus déinni béo dhá bhfuil sna huisgidhibh, béid adhfhuathmhar aguibh:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 11:10
10 Tagairtí Cros  

Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.”


An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.


Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach; agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.


Sea, bíodh an ghráin agaibh orthu; ná hithigí a gcuid feola agus ná bainigí lena gconablaigh.


Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe dá maireann sna huiscí: dá bhfuil in uiscí na mara agus na habhann, ní miste daoibh gach a bhfuil eití agus gainní acu a ithe:


Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.


ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh.


“Ná hith aon ní gráiniúil.


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí