Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 10:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Agus do lorgair Maóise go dithchiollach a ndiáigh ghabhar na hofrála peacaidh, agus féuch, do loisceadh é: agus do bhí sé feargach le Heléasar agus re Hatimar, mic Aaron do fágbhadh beó, gá rádh,

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 10:16
12 Tagairtí Cros  

mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -


An chuid a thugaim dóibh de mo íobairt loiscthe, ná bruitear í agus gabháile inti; is cuid shárnaofa í, dála an íobairt pheaca agus an íobairt chúitimh.


An sagart a ofrálann an íobairt seo ar son peaca, itheadh sé í. Itear í in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.


Na híobairtí peaca a dtugadh cuid dá bhfuil isteach i mBoth na Teagmhála chun leorghníomh a dhéanamh istigh sa sanctóir, ní ceadmhach d'aon duine aon chuid díobh a ithe. Ní foláir iad go léir a loscadh ar an tine.


Ansin thug sé ofráil an phobail i láthair. Thóg sé gabhar ofráil pheaca an phobail, mharaigh é, agus d'ofráil é ar son peaca dála an chéad chinn.


Ansin abair le clann mhac Iosrael: ‘Togaigí pocán gabhair don íobairt pheaca, agus lao agus uan bliana, iad araon gan mháchail, don íobairt uileloiscthe. Do na híobairtí comaoineach:


Anois bhí Maois sárumhal, bhí sé ar an duine ba umhla ar talamh.


Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.


Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.


Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.


Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí