Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 10:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 agus nuair a bheidh na reachtanna go léir a dheachtaigh an Tiarna dóibh trí bhéal Mhaois agaibh á dteagasc do chlann Iosrael.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus chor go múinfidhe clann Israel ansa nuile statúid do labhair an TIGHEARNA ríu lé láimh Mhaóise.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 10:11
16 Tagairtí Cros  

Is iomaí lá a chaith Iosrael gan Dia fírinneach, gan sagart le teagasc a thabhairt, gan dlí.


Rinne siad teagasc in Iúdá agus leabhar dhlí an Tiarna acu agus chuaigh siad timpeall cathracha uile Iúdá ag teagasc an phobail.


Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.


Thug Eazrá an sagart leabhar an dlí amach go dtí an comhthionól d'fhir agus de mhná agus de dhaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint. An chéad lá den seachtú mí a bhí ann.


Léigh Eazrá giotaí as leabhar an dlí, agus thug aistriú agus míniú orthu don phobal ionas go dtuigfidís a raibh á léamh.


“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”


Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.


Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.


Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit.


Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit.


I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.


Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.


Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí