Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 1:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 ¶ Má bhíonn ofráil nó íodhbuirt loiscthe don airighe, ofráladh firionnach gán cháide: ofráladh sé, é da thoil áontaghaídh féin ag dorus thabernacuil an chomhchruinnighthe a bhfíadhnuise an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 1:3
79 Tagairtí Cros  

Ansin d'ardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus d'ofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic.


“Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d'aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”


D'fhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile.


Agus rinne Naoi altóir don Tiarna, agus thoirbhir sé mar íobairt dhóite ar an altóir a rogha féin de na hainmhithe glana agus den éanlaith ghlan.


Ba é líon na n‑íobartach do na híobairtí dóite ná seachtó tarbh, céad reithe, dhá chéad uan; mar íobairt uileloiscthe don Tiarna iadsan go léir.


Chuir siad an ofráil dhóite i leataobh lena tabhairt d'fhiní sinseartha na dtuataí de réir mar a dhéanadh gach dream a n‑ofráil don Tiarna faoi mar atá scríofa i leabhar Mhaois. Rinne siad mar an gcéanna leis na tairbh.


Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].


ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm


Ní foláir an t‑uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh.


Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.


agus an reithe go léir a loscadh ar an altóir; ofráil loiscthe a bheidh inti don Tiarna; cumhracht thaitneamhach í, íobairt loiscthe don Tiarna.”


Béarfaidh tú Árón agus a mhac leat go doras Bhoth na Teagmhála agus nífidh tú iad le huisce.


Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.”


D'éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d'ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d'éiríodar chun scléipe.


Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa.


na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.


Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha,


agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,


Rinne sé altóir an uileloiscthe d'adhmad sitím chomh maith, cúig bhanlámh ar fad, agus cúig bhanlámh ar leithead; bhí sí cearnógach agus trí bhanlámh ar airde.


“Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?” a deir an Tiarna. “Tá mé dóthanach de reithí loiscthe agus de shaill na ngamhna, níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.


Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir.


I bpóirse an gheata bhí dhá thábla ar gach taobh le haghaidh marú na híobartha dóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh.


Más ainmhí ón tréad, ceann de na caoirigh nó de na gabhair, a bheidh le hofráil aige le huileloscadh, ofráladh sé fireannach gan mháchail.


“Ar an ochtú lá beireadh sé leis dhá uan fhireanna agus fóisc gan mháchail, trí dheachú éafá de phlúr mín fuinte le hola don abhlann agus log ola.


Tugadh Árón an dá phocán leis ansin agus cuireadh sé iad i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála.


ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.


“Abair leo chomh maith: Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a ofrálann íobairt uileloiscthe, nó íobairt eile,


gan í a thabhairt go doras Bhoth na Teagmhála, chun í a ofráil don Tiarna, gearrtar amach óna phobal é.


An lá céanna a dhéanfaidh sibh an dleacht ar leith seo a ofráil, ofrálfaidh sibh uan bliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.


Fara an arán, ofrálaigí seacht n‑uan bliana gan mháchail, tarbh óg agus dhá reithe, mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar aon le habhlann agus íobairt dí, agus íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.


Más íobairt chomaoineach í íobairt duine, agus má ofrálann sé ainmhí ón táin, fireann nó baineann, bíodh cibé rud a ofrálann sé i láthair an Tiarna gan mháchail.


agus leagadh seanóirí an chomhthionóil a lámha ar cheann an tairbh i láthair an Tiarna, agus maraítear an tarbh i láthair an Tiarna.


nó má chuireann duine éigin ar a shúile dó an peaca a rinne sé mar sin, tugadh sé leis, mar íobairt, gabhar, ceann fireann gan mháchail.


Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.


Más uan a thugann sé leis mar íobairt pheaca, tugadh sé leis ceann baineann gan mháchail.


“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.


Tugadh sé chun an tsagairt, mar íobairt chúitimh, reithe gan mháchail ón tréad a bhfuil a luach le meas agatsa. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh dó ar son an dearmaid a rinne sé gan fhios dó féin agus maithfear dó.


“Má pheacaíonn duine agus go ndéanann sé feall ar an Tiarna trí chalaois a dhéanamh ar a chomharsa faoi gheall nó faoi bhannaí, nó trina chuid a choimeád uaidh nó trí leatrom a imirt air;


Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:


Ach má bhíonn an t‑íobarthach á íobairt mar ofráil mhóide nó méine, itear é lá a ofrála, agus itear an fuílleach lá arna mhárach;


Ansin thug sé an reithe don íobairt uileloiscthe i láthair. Leag Árón agus a chlann mhac a lámha ar cheann an reithe.


Tar éis an t‑ionathar agus na cosa a ní le huisce, loisc Maois an reithe go léir ar an altóir, mar íobairt uileloiscthe, a bhí ina boladh cumhra a thaitin leis an Tiarna; ba íobairt dhóite don Tiarna í de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Dúirt sé le hÁrón: “Tóg lao d'íobairt pheaca, agus reithe don íobairt uileloiscthe; bídís araon gan mháchail, agus tabhair leat chun an Tiarna iad.


“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.


Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.


agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid,


Sa chás gur tarbh a bhíonn á ofráil agat mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é nó mar íobairt chomaoineach don Tiarna,


“Seo reacht den dlí a d'aithin an Tiarna. Inis é seo do chlann Iosrael: ní foláir dóibh bó dhearg, gan locht gan mháchail, nár iompair riamh an chuing, a thabhairt chugat.


Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?


“Téanam más ea,” arsa Bálác le Balám, “béarfaidh mé go láthair eile thú. B'fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.”


Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le d'íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b'fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.


Rinne Bálác mar a d'iarr Balám agus d'ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.


I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.


ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.


Ní foláir an méid seo a dhéanamh de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an abhlann a ghabhann léi. Bídís agaibh gan mháchail mar aon lena n‑íobairtí dí.


Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe, ofráil dhóite, agus mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: trí tharbh déag óga, dhá reithe, ceithre uan déag fireann bliana gan mháchail.


Ofrálaigí mar íobairt loiscthe, mar chumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: tarbh óg, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.


Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.


Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: “Seo é Uan Dé.”


Ansin dúirt Íosa leo arís: “Amen, Amen, a deirim libh, Mise doras na gcaorach.


Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.


Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,


Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.


mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.


d'fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim.


Ofráil d'íobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i d'íobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe.


Má bhíonn aon mháchail air, má bhíonn sé bacach nó dall nó má bhíonn máchail mhór eile air, ná híobair é don Tiarna do Dhia.


“Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid.


Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;


Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí