Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 7:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur ann agus chun a ghabháil dúinn féin, agus déanfaimid rí ann de mhac Thaibéal.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Déanam súas a naghaidh Iúdah, agus búaidhriom íad, agus déanam briseadh innte dhúinn, agus suighiom rígh iona lár, mac Tabeal:

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 7:6
12 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.


Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é.


Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.


Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.


Uime sin thug an Tiarna a Dhia suas é do chumhacht rí na nArámach; bhris seisean air, agus ghabh sé líon mór dá phobal ina mbránna agus rug leis go dtí an Damaisc iad. Tugadh ar láimh do rí Iosrael é freisin agus rinne seisean ár agus eirleach ar a shluaite.


Scriosfaidh tú a sliocht den talamh agus a gclann as líon na ndaoine.


Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair; agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.


Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.


Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.


as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá, a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:


Mar seo a deir an Tiarna Dia: ‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.


“As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileo a shileann go suaimhneach, agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín agus mac Ramailiá,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí