Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 7:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Tugadh an scéala seo chuig teaghlach Dháiví: “Tá Arám tar éis dul isteach in Eafráim.” Agus tháinig crith ar chroí an rí agus ar chroí an phobail mar a thagann ar chrainn na coille roimh an ghaoth.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do hinnseadh sin do thigh Dháibhi, gha rádh, Atá Síria ceangailte re Hephraim. Agus do corruigheadh a chroidhe, agus croidhe a phobail, mar chorruíghthear crainn na coilleadh leis an ngaoith.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 7:2
28 Tagairtí Cros  

Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”


(Coinneoidh sé aon treibh amháin ar son Dháiví, mo shearbhónta, agus ar son Iarúsailéim an chathair atá tofa agam as treibheanna uile Iosrael)


Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.


Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”


Ansin scaoil Amaiziá uaidh an t‑arm a tháinig ó Eafráim, agus chuir abhaile iad. Tháinig fearg mhór orthusan le Iúdá agus d'imigh siad leo abhaile agus iad ar deargbhuile.


Taoisigh áirithe d'Eafráim, Azairiá mac Iahóchánán, Beiriciá mac Mhisiléamót, Ichizcíá mac Shealum, agus Amásá mac Hadlái, sheas siad an fód in aghaidh na muintire a bhí ag filleadh ón bhfeachtas


Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví. Leis an Tiarna a fuair mé dídean; cén chaoi a déarfaidh sibh le m'anam: “Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”


Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.


Beidh deireadh ansin le héad Eafráim, agus brúfar naimhde Iúdá síos; ní bheidh Eafráim in éad le Iúdá feasta, ná Iúdá ina namhaid ag Eafráim níos mó.


Tá mé ag leagan eochair theach Dháiví ar a ghualainn; má osclaíonn sé, ní dhúnfar; má dhúnann, ní osclófar.


Bhí a lucht cónaithe gan lúth na lámh, lán uafáis agus scéine, ar nós lusra na mbánta agus na scratha glasa, féar bharr na dtithe agus na ngort á sheargadh ag an gaoth anoir.


Déanfaidh mé an chathair a chaomhnú agus a shábháil ar mo shon féin agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.”


agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”


Ansin dúirt sé: “Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví, an é nach beag daoibh sárú ar dhaoine go gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?


Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobal agus ar theaghlach d'athar laethe nár tháinig a leithéid ón am a scar Eafráim le Iúdá (rí na hAsaíre).


as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá, a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:


“Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.


“Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha; tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n‑áit.”


rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.


Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl, agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht. (Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós agus fanann sí dílis don Té is Naofa.)


Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí