Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 7:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Oir suil bhías fhios ag an leanamh olc do dhíultadh, agus maith do thogha, an fearann fhúathuighios sibhsi tréigfighear ó na dhá rígh é.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 7:16
12 Tagairtí Cros  

Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis.


Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle eisean an charraig a bhainfidh leagan as dhá theaghlach Iosrael; é ina shás agus ina ghaiste do mhuintir Iarúsailéim.


óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”


Arám thoir agus na Filistínigh thiar, alpann siad Iosrael go cíocrach. Ach níl a fhearg síothlaithe; tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Teilgfidh mé as mo radharc sibh, mar a theilg mé bhur ndeartháireacha uile, síol Eafráim ar fad.


Is aithnid dom Eafráim, níl Iosrael folaithe uaim; ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach, agus Iosrael truaillithe.


Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe. I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne a bhfuilim cinnte dearfa di.


Agus nach ceart trua a bheith agamsa do Nínivé, an chathair mhór sin, ina bhfuil breis agus céad is fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t‑olc gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá inti?”


Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí