Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 64:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Acht atámaóid uile amhuil neamhghlan, agus atáid ar nionnracus uile amhuil ceirteacha salcha; agus seargamaoid uile amhuil duilléog; agus rugadar ar bpeacuidh leó sinn cosmhuil ris an ngaóith.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 64:6
38 Tagairtí Cros  

Cailleann eachtrannaigh a misneach agus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith.


Uch nach gcailltear an glan Ar mhalairt slí leis an neamhghlan!


Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?


Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa? Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.


Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh! ach mar cháith a scaiptear le gaoth.


An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.


Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.


Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iad agus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag.


Óir beidh sibh cosúil le teiribint a bhfuil a duilliúr feoite agus le gairdín nach bhfuil uisce leis níos mó.


A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa, ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael!


Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnigh agus ar fada libh an bua gan teacht.


Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.


Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.


Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.


Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.


Tá mé ag fanacht leis an Tiarna, atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib, is ann atá mo dhóchas.


Scuabfaidh an ghaoth léi iad ina sciatháin, agus náireofar iad de bharr a n‑altóirí.


Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn; tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár; agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.


“Ach má leathann an lobhra ar fud an chnis ar fad, má bhreacann sí cneas an othair ó cheann go bonn, go bhfios don sagart,


Is amhlaidh a bhí Iósua gléasta in éadaí salacha agus é ina sheasamh os comhair an aingil.


Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.


Ó nach mise an díol trua! Cé a fhuasclóidh ón trú seo coirp mé?


agus mé a bheith aontaithe leis. Ní hí m'fhíréantacht féin atá anois agam, is é sin le rá an fhíréantacht a ghabhann le comhlíonadh an dlí, ach an fhíréantacht a ghabhann le creideamh i gCríost, an fhíréantacht a thagann ó Dhia féin agus atá bunaithe ar an gcreideamh.


Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.


Ansin labhair duine de na seanóirí agus dúirt sé liom: “Iad seo atá gléasta in éidí geala, cé hiad féin agus cad as ar tháinig siad?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí