Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 51:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 ¶ Eístigh riomsa, mo phobal; agus tugaidh aire dhamh, mo chineadh: óir tiucfaidh dligheadh uáimsi, agus do bhéara mé air mo bhreitheamhnus seasamh mar sholus do na daóinibh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 51:4
27 Tagairtí Cros  

go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat, go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail; is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.


Ní dhearna sé amhlaidh d'aon chine eile; níor nocht sé a reachtanna dóibh.


Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia: an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.


“Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé, tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael; óir is mise is Dia ann - do Dhiasa.


Mascil Ásáf. 1 Éist, a phobal, le mo theagasc; claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.


Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”


Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d'fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.”


Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht,


Déanfar Síón a athcheannach le hionracas, agus le ceart an dream dá muintir a iompóidh ar ais.


is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.


Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta, an té a sheasann lena ghealltanas,


Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnas tá muid ag fanacht ort, a Thiarna, is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.


Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,


Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.


Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.


Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad, mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.” Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu


Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna, go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí. Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”


solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”


Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí d'fhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom - cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost.


Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n‑ordaím dó.


Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí