Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 49:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: i dtráth mo pháirte tabharfaidh mé toradh ort, lá na fuascailte tiocfaidh mé i gcabhair ort. (Tá tú coinnithe caomhnaithe agam mar chonradh leis an bpobal.) Cuirfidh mé an tír ina ceart arís; roinnfidh mé oraibh as an nua na gabháltais scriosta;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Is marso a deir an TIGHEARNA, Ar an deaghuáir do chúala mé thú, agus a ló an tslánuighthe do chobhruigh mé thú: agus cuimhdeocha mé thú, agus do bhéara mé thú mar chunnradh don phobal, do dhaingniughadh na talmhan, do ghabháil oighreachda na noighreachd nuáigneach;

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 49:8
31 Tagairtí Cros  

(Eisean a thógfaidh teach do m'ainmse, agus daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.)


Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.


Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm, agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.


“An uair a shocróidh mé féin tabharfaidh mé breith de réir an chirt.


atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin, óir is asatsa atá a mhuinín.


Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air; bím de shíor ag coinneáil uisce leis ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr; de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.


Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.


Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.


Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,


a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: “Bíodh cónaí inti!” agus faoi bhailte Iúdá: “Tógtar iad arís!” agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.


Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat, agus do dhúiche shladta go léir - róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe, agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.


Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”


Is ea, tá trua ag an Tiarna do Shíón, tá trua aige di ina ballóga ar fad mar atá. As an díthreabh sin aici déanfaidh sé Éidin, agus as a gaineamhlach gairdín don Tiarna. Cloisfear gártha áthais agus lúcháire ann, altú buíochais agus siansa ceoil.


Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé. Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh, agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe.


Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil; glaoigí air, fad atá sé i ngar.


Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú! Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t‑iomlán acu, siabfaidh anáil ar shiúl iad. Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht, agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.


Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.


An é sin an troscadh is rogha liom, lá cránais den chineál seo i láthair? Duine ag cromadh a chinn mar a bheadh giolcach ann, agus é sínte ar éadach róin agus ar luaithreach, an air seo a thabharfá troscadh, agus lá taitneamhach i láthair an Tiarna?


chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna, agus lá díoltais dár nDia; chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin


Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa, beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama; deiseoidh siad na cathracha creachta agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.


Tabharfaidh mé sliocht ar Iacób agus oidhrí air Iúdá a mbeidh seilbh acu ar mo shléibhte. Beidh siad mar oidhreacht acu siúd atá tofa agam, agus mar áit chónaithe ag mo sheirbhísigh.


óir is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh.


Mar is é a deir sé: “Ar uair na faille thug mé cluas duit; ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.” Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.


trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.


agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.


Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.


Ach is é fírinne an scéil é go bhfuil ministreacht shagartúil níos uaisle ná sin faighte ag Íosa sa mhéid gurb uaisle é an conradh a bhfuil seisean ina idirghabhálaí air. Óir, is fearr na gealltanais ar a bhfuil an conradh sin bunaithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí