Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 48:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Ní raibh tart orthu agus iad á gcinnireacht tríd an bhfásach aige; chuir sé uisce ag scairdeadh as an gcarraig dóibh, scoilt sé an charraig agus bhrúcht an t‑uisce amach aisti.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ní raibh tart orra a nuáir thug sé thríd na diothramhuibh íad: thug sé fa deara do na huisgeadhuibh tuiliughadh dhóibh amach as an ccarruic: do scoilt sé an carruic mar an ccéadna, agus do scinneadar na huisgeadha amach.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 48:21
15 Tagairtí Cros  

Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh. Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart. D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach, Agus seilbh a thógail ar an talamh A mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.


Thug tú do dhea-spiorad dóibh lena dteagasc, Agus níor dhiúltaigh tú manna dá mbéala. Thug tú uisce lena dtart a mhúchadh.


Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda; agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.


Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl; is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.


Scoilt sé na carraigeacha san fhásach, mhúch sé a dtart le flúirse uisce


nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraig is gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte.


Is fíor nuair a bhuail sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte; ach an féidir dó arán a thabhairt dúinn nó feoil a sholáthar dá phobal?”


Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.


Agus ar gach sliabh ard agus gach cnoc mór beidh srutháin uisce agus sreabha lá an áir nuair a thitfidh na dúnfoirt.


Ocras ná tart ní bheidh orthu feasta, ní loiscfear iad le gaoth ná le grian. Óir an té a ghlac trua dóibh, beidh sé á gcinnireacht agus á mbuachailleacht cois toibreacha fíoruisce.


Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.


D'ardaigh Maois a lámh agus bhuail sé an charraig faoi dhó leis an tslat, agus tháinig uisce amach ina thuile agus d'ól an comhthionól agus a n‑eallach deoch.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí