Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 45:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Is ar mhaithe le mo ghiolla Iacób agus le hIosrael, mo rogha, a ghlaoigh mé i d'ainm ort, ag tabhairt gradaim duit agus gan aithne agat orm.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ar son Iácob mo sheirbhíseach, agus Israel mo rogha, do ghoir mé ort as hainm: do shloinn mé thú, bíodh nar bhfeas duit mé.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 45:4
18 Tagairtí Cros  

A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin! a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha!


mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach, óir maireann a bhuanghrá go brách.


Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.


Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.


Éist anois, a Iacóib, a ghiolla liom,


Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,” ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.” Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”


Agus mura ngiorrófaí na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán, ach ar son na dtofach, giorrófar na laethanta sin.


Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta.


Mar ag gabháil dom tríd an gcathair agus mé ag breathnú ar bhur n‑íomhánna, tháinig mé ar altóir a raibh an scríbhinn seo greanta uirthi: ‘In onóir do dhia anaithnid.’ An neach seo a bhfuil urraim agaibh dó agus gan aon aithne agaibh air, sin é atá le fógairt agamsa daoibh.


Cad a thagann de sin? Tá, an ní a raibh clann Iosrael ar a thóir, ní fhuair siad é; ach an mhuintir thofa, fuair siad agus cruadh an chuid eile,


Ní amhlaidh atá teipthe ar bhriathar Dé, mar ní Iosraelach an uile dhuine de shliocht Iosrael,


Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin.


agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí