Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 41:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Féuch, náireocha agus claoidhfighear íad uile noch do las ad aghaidh: béid síad amhuil nemhní; agus díoghbháidhfidh an mhéid throídfios riot.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 41:11
25 Tagairtí Cros  

Ansin tiocfaidh na searbhóntaí seo go léir agat ag triall orm agus sléachtfaidh siad dom á rá: ‘Amach leat, agus leis an bpobal go léir a leanann thú!’ Ansin imeoidh mé amach.” Agus ghabh Maois amach ó láthair Fhorainn agus é ar lasadh le fearg.


I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.


Má éisteann tú go cáiréiseach lena ghuth, agus gach a ndeirimse a dhéanamh, beidh mé i mo namhaid ag do naimhde, agus i mo eascara ag d'eascairde.


Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.


Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha. Agus go tobann, gan choinne,


Mar bhrionglóid agus mar fhís de chuid na hoíche do shluaite na gciníocha agus iad ag cur cogaidh ar Airéal.


Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe, músclaíonn sé agus a bholg folamh; nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól, músclaíonn sé go fannlag agus é spallta; is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníocha a chuireann comhrac ar shliabh Shíón.


Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti]; ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó, ní ghairfear ríthe inti feasta agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní.


Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair; is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.


“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”


Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar, is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”


Ní dada iad agus iad a chur le chéile; neamhní is ea a n‑oibreacha, níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.


Tríd an Tiarna amháin, a déarfaidh daoine, a thagann bua agus neart! Chuigesean a thiocfaidh siad agus náire orthu, iad siúd uile a thug a dhúshlán.


Is ea, ach seo é freagra an Tiarna: Bainfear a phríosúnach den ghaiscíoch féin, déanfar creach an aintiarna a tharrtháil! Troidfidh mise lena dtroidfidh leat, agus sábhálfaidh mé do chlann orthu.


Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.


Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé; an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr.


Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne. Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t‑éitheach lena bhéal. Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna; sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna.


Ach má dhiúltaíonn aon chine éisteacht, tarraingeoidh mé as a fhréamhacha é agus scriosfaidh mé an cine sin - an Tiarna a labhraíonn.”


Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair; Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as; tháinig an anachain orthu, is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”


Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.


Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus d'iarr orthu an chathair a fhágáil.


Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí