Íseáia 39:2 - An Bíobla Naofa 19812 Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Agus do bhí Heseciah lúathgháireach rompa, agus do thaisbéin sé dhóibh tigh a shéud mórluáigh, an tairgiod, agus an tór, agus na spíosra, agus a nola mhórluáigh, agus tigh a arm uile, agus a nuile ní dá raibh iona ionnmhusaibh: ní raibh aoinní ann a thigh, nó ann a thighearnus uile, nach ar thaisbéin Heseciah dhóibh. Féach an chaibidil |
Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.” Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí.