Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 38:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annsna láethibhsi do bhí Heseciah tinn chum báis. Agus thainic an fáidh Isaiah mhac Amos chuige, agus a dubhairt ris, Marso a deir an TIGHEARNA, Cuir do thigh a nórdughadh: óir do gheabha tú bás, agus ní mhairfe tú.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 38:1
16 Tagairtí Cros  

“Fad a mhair an leanbh,” d'fhreagair sé, “rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: ‘Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.’


Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.


Sna laethanta úd buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé i mbéal báis. Ghuigh sé chun an Tiarna agus d'éist sé leis agus thug comhartha dó.


Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.


Chuir sé reachtaire an pháláis Eiliácaím, Seabná rúnaí agus seanóirí na sagart, iad go léir gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz.


Ansin chuir Íseáia mac Ámóz an teachtaireacht seo chuig Hiziciá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael, de thairbhe na paidre a chuir tú suas chugam mar gheall ar Shanaichéiríb, rí na hAsaíre.


Chonaic Dia cad a rinne siad agus conas mar a thréig siad a ndrochiompar. Mar sin de, tháinig aithreachas air i dtaobh na tubaiste a bhí sé tar éis a bhagairt orthu agus níor chuir sé i gcrích í.


Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t‑oracal seo á fhógairt aige: “I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,”


Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí