Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 33:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 “Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí, anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Anois éireochuidh mé, a deir an TIGHEARNA; anois áirdeochthar mé; anois thóigfeas mé súas mé féin.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 33:10
20 Tagairtí Cros  

gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”


“Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna. “Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”


Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.


go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m'anam, is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.


Is ansin a dhúisigh an Tiarna mar dhuine a dhúisíonn as a chodladh, mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona.


Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartach do mo chosaint ar lucht déanta an oilc?


Beidh a fhios ag na hÉigiptigh gur mise an Tiarna nuair a bheidh glóir buaite agam de bharr Fhorainn agus a charbad agus a mharcshlua.”


Is é sin an fáth a gcuirfidh Tiarna na Slua meath ar a chuid gaiscíoch; faoina rachmas thíos beidh dóiteán ag dó mar a dhónn tine.


Féach, seo an Tiarna Dia na Slua ag teascadh na ngéag lá huafás. Tá barra na gcrann á ngearradh, agus na bilí is bródúla á leagan.


Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig agus i scoilteanna na n‑ailteanna ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais, agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht.


Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael.


“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí