Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 28:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 agus bláth feoite a háilleachta agus a huabhair, in airde mar atá siad os cionn an ghleanna mhéith. Mar bheadh fige luath i dtús an tsamhraidh: an té a fheiceann é, stoitheann é agus ní luaithe ina láimh é ná tá sé slogtha aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus biáidh an mhaise ghlórmhar, noch atá ar cheann an ghleanna mhéith, mar bhláth chríon, agus amhuil an toradh lúath roimbe an tsamhradh; noch do chí an té fhéuchus air, agus an feadh bhíos fós iona láimh ithidh sé súas é.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 28:4
12 Tagairtí Cros  

Is mairg don choróin dhíomasach úd ag pótairí Eafráim, do bhláth feoite a háilleachta agus a huabhair, agus í in airde os cionn an ghleanna mhéith; is mairg don dream sin agus iad dallta le fíon!


óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”


Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis.


Cé gur fhás sí suas go borb i measc a muintire, tiocfaidh an ghaoth anoir uirthi, gaoth an Tiarna a éireoidh ón bhfásach; agus triomófar a foinse agus rachaidh a tobar i ndísc. (Creachfaidh sí a chuid maoine agus a earraí luachmhara uile.)


Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.


Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.


Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.


Tá do dhúnta go léir cosúil le crainn fígí atá ag tabhairt fígí luatha uathu; má chroitear iad titfidh na torthaí isteach i mbéal an alpaire.


agus thit réaltaí neimhe chun talún faoi mar a scaoileann an crann fígí a chaora geimhridh uaidh nuair a croitheann cóch gaoithe é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí