Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 25:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit; uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Uimesin dhéanuid na daóine láidre do ghlórughadh, eaglochuidh cathair na ccineadhach núathbhasach thú.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 25:3
16 Tagairtí Cros  

Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.


Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.


Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna, agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.


Ar nós deannach mín a bheidh slua do naimhde ansin agus mar lóchán á shiabadh le gaoth an slua danartha. Agus go tobann, gan choinne,


Mar sin a fhoilseoidh mé mo naofacht agus a chuirfidh mé mé féin in aithne dá lán ciníocha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”


Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.


Gach bliain tiocfaidh iarmhar na náisiún a rinne ionsaí ar Iarúsailéim chun an Tiarna, Rí na Slua, a adhradh agus chun féile na dTaibearnacal a cheiliúradh.


Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.


Ag an nóiméad sin tharla crith mór talún agus thit deachú den chathair, agus fuair seacht míle duine bás sa chrith talún; ghabh eagla an chuid eile agus thug siad glóir do Dhia na bhflaitheas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí