Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Baileofar i dtoll a chéile iad ar nós cimí i bpluais, caithfear isteach sa charcair iad agus i ndiaidh na mblianta fada gheobhaidh siad a bpionós.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus cruinneochthar a ccionn a chéile íad, mar chruinnighthear braighde annsa log, íadhfnighear san phríosun íad, agus tar éis móráin do láethibh tigthior dá bhféuchuin.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:22
11 Tagairtí Cros  

Níl agaibh ach umhlú síos i measc na gcimí, nó titim i measc na marbh. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.


Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


Scéin agus clais agus gaiste is ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!


Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”


“I ndiaidh mórán laethanta cuirfear tionól ort; i ndiaidh na mblianta gluaisfidh tú leat in éadan na tíre seo a tháinig slán ón gcogadh, tír inar bhailigh na daoine óna lán ciníocha ar shléibhte Iosrael a bhí riamh ina bhfásach, agus inar bhailigh siad ó na ciníocha chun cur fúthu tar éis dóibh uile teacht slán ón gclaíomh.


Ach maidir leatsa, ar son fhuil do chonartha liomsa, seolfaidh mé do chimí ar ais ón bpoll nach bhfuil aon uisce ann.


Filligí ar an daingean, a chimí an dóchais, an lá inniu féin dearbhaím go ndéanfaidh mé cúiteamh libh faoi dhó.


Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí