Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 24:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal, máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir, iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus amhuil mar bhías, ag an bpobái, is mar sin bhías ag an tsagart; agus mar bhías ag an tseirbhíseach, seadh bhías ag an maighistir; mar bhías ag an ccailín, seadh bhías ag an maighistreás; mar bhías ag an cceannuighe, mair sin bhías ag an reacadóir; mar bhías ag a náirlictheach, is mairsin bhías ag an té áirlictheas; mar bhías ag an té ghlacas a núsúireachd, is mairsin bhías ag an té bheir a núsúireacht dó.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 24:2
26 Tagairtí Cros  

Rugadh beirt mhac do Iósaef roimh bhliain an ghorta: Ásanat iníon Phóitífeara, sagart On, a bhronn air iad.


Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.


Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine; ná maith dóibh é.


Creachta agus seanchreachta atá sí, mar thalamh; sladaithe agus deargshladaithe a bheidh, mar a d'ordaigh an Tiarna.


Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.


Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dó agus beidh ceann faoi ar lucht díomais.


d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.


Sea, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Díreach mar a doirteadh m'fhearg agus m'fhíoch amach ar áitritheoirí Iarúsailéim, is mar an gcéanna a dhoirtfear m'fhearg amach oraibhse, má théann sibh don Éigipt: beidh sibh mar dhíol eascaine agus mar uafás, mar mhasla agus mar cheap magaidh; agus ní fheicfidh sibh an áit seo arís go deo.’ ”


A mhilleán sin ar pheacaí a fáithe agus ar chionta a sagart, a dhoirt amach laistigh di fuil na bhfíréan.


Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu; níor chuimhnigh sé orthu níos mó; níor tugadh urraim do na sagairt ná ómós do na seanóirí.


Is mó pionósú mo phobail ionúin ná smachtú Shodom, a scriosadh ar an toirt gan aon duine a leagan lámh uirthi.


Caithfear leis an sagart mar a chaithfear leis an bpobal; óir cúiteoidh mé leo a ndrochbhéasa, agróidh mé a n‑ainghníomhartha orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí