Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 22:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Tá mé chun a ghléasadh i d'ionarsa, chun é a fheistiú le do shursaing, agus tugaim do chumhacht isteach ina láimh, agus beidh sé ina athair ag muintir Iarúsailéim, agus ag teaghlach Iúdá.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus éaideochad é lé do róbasa, agus neirteochad é le do chriossa, agus do bhéara mé húachdaranachd ann a láimh: agus biáidh sé mar athair ag dúthchusaibh Ierúsalem, agus do thigh Iúdah.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 22:21
8 Tagairtí Cros  

Ní sibhse dá bhrí sin a sheol anseo mé ach Dia, agus chuir sé mé i riocht a bheith i m'athair ag Forann agus i mo thiarna ar a theaghlach go léir agus i m'uachtarán ar chríocha na hÉigipte go léir.


Ba athair mé don bhochtán, Agus d'iniúch mé cúis an duine anaithnid.


criosanna crioslaithe thar a gcoim agus turbain mhaisiúla ar a gcinn, iad uile cinsealach mar uaisle - agus pictiúir de Bhablónaigh dar dhúchas dóibh Caildéa.


Bhain Iónátán de an fhallaing a bhí uime agus thug do Dháiví é; mar an gcéanna lena éide chatha, agus fiú a chlaíomh, a bhogha agus a chrios.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí