Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 22:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Fáistine in aghaidh Ghleann Hionnom. Cad tá ort go bhfuil tú imithe suas ar fad ar bharr na dtithe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ualach ghlinne na fise. Cred dimthigh ort a nois, as a ndeachaidh tú go hiomlán súas go mullach an tighe?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 22:1
26 Tagairtí Cros  

Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a d'fhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé.


“Cad tá ort?” arsa an rí léi. “Mo chreach, is baintreach mé; tá mo chéile tar éis bháis.


Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cad tá ort?” D'fhreagair sí: “Dúirt an bhean seo liom: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.’


Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú? Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?


Ar nós na gcnoc is na sléibhte thart timpeall Iarúsailéim, bíonn an Tiarna thart ar a phobal, anois agus choíche.


San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian; ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.


Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.


sna sráideanna tá éadach róin orthu, agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh. Sna cearnóga tá gach aon ag olagón agus an gol ag briseadh orthu.


Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.


Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”


Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?


Tiocfaidh na Caildéigh atá ag ionsaí na cathrach seo agus cuirfidh trí thine í; loiscfidh siad na tithe ar ofráladh ar a ndíonta túis do Bhál, mar ar doirteadh amach tabhartais dí do dhéithe eachtrannacha, do mo bhrostúsa chun feirge.


mar gheall ar na hoilc uile a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá do mo bhrostúsa, iad féin, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt agus a bhfáithe, fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim.


Ar dhíonta tithe Mhóáb agus ina shráideanna, níl le clos ach caoineadh, mar bhris mé Móáb mar a bhrisfí soitheach nach dteastaíonn ó aon duine - an Tiarna a labhraíonn.


Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh; ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh; clúdóidh an dorchadas sibh agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta. Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe agus dorchóidh an lá orthu.


iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom


An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.


Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé.


Nuair a thógann tú teach nua, cuir uchtbharr ar an díon agus ansin beidh do theach saor ó fhíoch fola de bharr duine a thitim de.


Nuair a liúdar orthu, chas muintir Dhán ar a sáil agus dúradar le Míceá: “Cad tá ort ag teacht sa tóir orainn le dream mar seo?”


Bhí Sól ag filleadh ón ngort i ndiaidh a dhamh. Dúirt Sól: “Cad tá orthu? Cén fáth a bhfuil an pobal ag lógóireacht?” D'insíodar dó a raibh ráite ag na fir ó Iáibéis.


Bhí an gasúr Samúéil ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí. Is annamh a bhíodh focal ón Tiarna sna laethanta sin, agus is annamh a d'fheictí físeanna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí