Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 2:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig agus i scoilteanna na n‑ailteanna ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Do dhul a scealpuibh na gcarrac, agus a mullaghaibh na gcairgeach ngarbh, ar eagla an TIGHEARNA, agus ar son ghlóire a mhórdhachda, a nuáir éireochus sé do chrothadh na talmhan go húathbhásach.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 2:21
12 Tagairtí Cros  

Cailleann eachtrannaigh a misneach agus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith.


Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta, In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.


Eisean a chroitheann an chruinne as a hionad, Ionas go gcritheann a colúin go léir.


agus fad a ghabhann mo ghlóir thar bráid, cuirfidh mé thú i scoilt den charraig agus clúdóidh mé thú le mo láimh go mbeidh mé imithe thar bráid.


Mo cholm i scailp na haille, i bhfolach i bpluaiseanna, dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghuth! óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis.


Imigh leat i measc na n‑ailteanna, gabh i bhfolach sa láib, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.


An té a theitheann ó thorann na scéine, titfidh sé sa chlais; má dhreapann sé aníos as an gclais, béarfar air sa ghaiste. Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith.


“Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí, anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.


chun go dtiocfaidís go léir a thuirling ar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha, ar sceacha agus ar thalamh féaraigh.


“Seolfaidh mé anois mórán iascairí - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh siad ar barr iad; ansin, seolfaidh mé mórán sealgairí agus déanfaidh siad a bhfiach ó gach uile shliabh, as gach cnoc, amach as poill na gcarraig.


Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí