Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 19:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Annsa ló sin biáidh a Négipt cosmhail re mnáibh: agus biáidh eagla orra agus uáimhneochuid do bhrigh croithe láimhe TIGHEARNA na slógh, noch chroitheas sé ós a cíonn.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 19:16
18 Tagairtí Cros  

Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.


Beidh racht olagóin chomh tréan sin ar fud na hÉigipte ar fad nár chualathas a leithéid riamh roimhe sin agus nach ndéanfar go brách arís.


An lá seo féin déanfaidh sé sos i Nob. Bagróidh sé a lámh ar shliabh iníon Shíón, ar chnocán Iarúsailéim.


Agus triomóidh an Tiarna camas mhuir na hÉigipte, agus sínfidh amach a lámh os cionn na hAbhann; le neart a anála roinnfidh sé ina seacht srutháin í, agus beifear ag siúl trasna tirimchosach,


Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde, crochaigí suas an ghairm slua. Bagraígí lámh orthu i leith chun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.


Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.


Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár; go mba cosúil le mná iad! Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!


Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d'fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile.


Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán, i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”


Féach ar do thrupaí, níl iontu ach mná. Tá geataí do thíre ar dianleathadh roimh do naimhde, agus do bharraí comhla loiscthe ag tine.


Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc. Buailfear an t‑uabhar as an Asaír agus tógfar an ríshlat ón Éigipt.


Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh, agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu. Beidh a fhios agaibhse ansin gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.


‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”


Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d'uamhan agus d'eagla.


Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é.


Is uafásach an rud é titim i lámha Dé bheo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí