Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 13:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile ina hárais, agus na madraí allta ina páláis sháile... Tá a haimsir ar na gaobhair, ní chuirfear a laethe ar cairde.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus éighfid beathuighe állta na noiléan iona ttighthibh uáigneacha, agus dragúin iona bhpálásaibh aóibhinn: agus atá a haimsir a bhfogus do theachd, agus ní cuirfighear a laéthe air cáirde.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 13:22
19 Tagairtí Cros  

ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl, ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,


Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta - briathar Thiarna na Slua.”


Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.


Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.


Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas, agus driseacha agus feochadáin ina dúnta; beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta, mar áitreabh ag ulchabháin.


Casfaidh cait allta le faolchúnna inti, agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile; is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin, ar lorg suaimhnis di féin.


déanfar linn den talamh spallta agus toibreacha uisce de thír an tarta. Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí, beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach...


Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom, na mic tíre agus na hulchabháin, óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach, aibhneacha sa dúiche fhiáin, chun tart mo phobail thofa a chosc.


Ní fada i gcéin anois ainnise Mhóáb; deifríonn sí ar luas a anachaine.


Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”


Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”


Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n‑ucht agus tugann siad an chíoch dá gcoileáin; ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíoch le hostraisí an fhásaigh.


Seo an fáth a ndéanfaidh mé ochlán agus olagón agus a rachaidh mé cosnochta lom agus a mbéicfidh mé ar nós na seacál agus a gcaoinfidh mé mar na hostraisí.


Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.


Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.


Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.


Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí