Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 11:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Díth ná dochar ní dhéantar níos mó ar fud mo shléibhe bheannaithe go léir, óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiama mar a líonann an fharraige leis an lán mara.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ní dhéanaid siad gortadh ná milleadh ann mo shlíabh náomhtha uile: óir biáidh an talamh lán déolus an TIGHEARNA, mar fholuighid na huisgeadha a nfairge.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 11:9
44 Tagairtí Cros  

Beidh conradh agat le clocha an ghoirt, Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.


Go moltar a ainm glórmhar go brách; go líona a ghlóir an talamh. Amen! Amen!


Sheol sé isteach ina thír naofa iad chun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin.


Beidh deireadh ansin le héad Eafráim, agus brúfar naimhde Iúdá síos; ní bheidh Eafráim in éad le Iúdá feasta, ná Iúdá ina namhaid ag Eafráim níos mó.


Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra, ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.


Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.


Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.


Beidh an ceart ag lonnú san fhásach, agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir;


Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó.


Ní bheidh leon ar bith ansin feasta ná aon chreachadóir d'ainmhí allta; ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,


ionas go mbeidh a fhios ó éirí go luí na gréine gur neamhní an uile rud ach mise amháin.” Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann;


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.


Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.


déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.


Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniar agus dá ghlóir ó éirí na gréine. Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach agus siorradh ón Tiarna á siabadh.


Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.


Tá mé ag teacht chun ciníocha na n‑uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir.


Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.


Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’


Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”


Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.


Thomhais sé míle eile; b'abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t‑uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.


An lá sin - an Tiarna a labhraíonn - is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.


Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna mar a chlúdaíonn an t‑uisce grinneall na mara.


Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Fillfidh mé ar Shíón agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim. Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim, Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”


Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile.


Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí