Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 11:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan, an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair; tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht agus gasúr óg á mbuachailleacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Coimhneochuidh an mactíre fós a bhfochair an lubháin, agus luighfidh an líopard síos ag an meannán; agus an gamhuin agus an leomhan óg agus an teallach méith a bhfochair a chéile; agus tréorochuidh leanabh beag íad.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 11:6
15 Tagairtí Cros  

Beidh conradh agat le clocha an ghoirt, Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin.


Beidh smacht aige ar na ciníocha agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal, agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta agus a sleánna ina gcorráin. Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.


Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.


Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.


An lá sin - an Tiarna a labhraíonn - is é “a fhir liom” a thabharfaidh tú orm; choíche arís ní ghairfidh tú díom “a Bhál”.


mar ní cúrsaí ite agus óil é ríocht Dé ach fíréantacht agus síocháin agus lúcháir sa Spiorad Naomh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí