Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 11:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 sa dóigh go mbeidh clochán ann faoi choinne fuílleach a phobail, ar mhair beo i ndiaidh deoraíocht na hAsaíre, díreach mar bhí faoi choinne Iosrael nuair a tháinig siad aníos as an Éigipt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus biáidh slighe mhór dfuighioll a mhuinntire, noch fhúigfighear, ó Nassíria; mar do bhí do Israel annsa ló a ttáinic súas as crích na Hégipte.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 11:16
18 Tagairtí Cros  

agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.


Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.


Sa lá sin, fuílleach Iosrael agus ar tháinig slán de theaghlach Iacóib, ní bheidh siad ag brath níos mó ar an té a bhuaileann iad, ach beidh siad ag brath go fírinneach ar an Tiarna, Neach Naofa Iosrael.


Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.


Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile.


An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.


Déanfaidh mé slí de na sléibhte uile agus leagfar síos dúshraith do na bealaí móra.


Tá dream acu ag triall ó chríoch i gcéin, dream aduaidh agus dream aniar, dream eile fós ó Shíním aneas.


An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?


Agus cloisfear glór á rá: Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach, glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire


Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!


Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí