Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 11:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Acht eitilfid ar ghuáillibh na Bhphilistineach don táobh shíar; millfid síad muinntir a noirthir lé chéile: leagfuid síad a lámh ar Edom agus ar Mhoab; agus nimhleochuid clann Ammon dóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 11:14
30 Tagairtí Cros  

Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.


Fáistine i dtaobh Mhóáb. An oíche a ndearnadh creach ar Ár, fágadh Móáb ina thost; an oíche ar creachadh Cír, fágadh Móáb ina thost.


Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”


óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo. Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin, mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;


Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.


Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniar agus dá ghlóir ó éirí na gréine. Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach agus siorradh ón Tiarna á siabadh.


Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.


Cé hé seo chugainn as Eadóm, as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh? É i mborr agus i mbláth faoina chulaith, ag céimniú i mbarr a nirt. - Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta, mise atá in acmhainn slánaithe!


Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;


Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn,


Óir is mar seo a deir an Tiarna: “(Féach, eitlíonn sé ar nós iolair, agus leathnóidh sé a sciatháin os cionn Mhóáb.)


Uime sin tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina dtabharfaidh mise faoi deara caismirt chogaidh a chloisteáil in aghaidh Rabat na nAmónach; beidh sí ina cairn uaigneach, dófar a hiníonbhailte go talamh. Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd - an Tiarna a labhraíonn.


Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”


I dtaobh Chéadar agus ríochtaí Hazór a chuir Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi chois. Is mar seo a deir an Tiarna: “Éirígí! Tugaigí aghaidh ar Chéadar, scriosaigí clann mhac an oirthir!


Imreoidh mé díoltas ar Eadóm le cuidiú mo phobail, Iosrael. Caithfidh siad le hEadóm de réir mo chuthach feirge agus aithneoidh cách gurb é mo dhíoltas é - an Tiarna Dia a labhraíonn.


ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm agus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu a ghabháil,” a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.


Tá a gcapaill níos mire ná liopaird; is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe. Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde; is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad, ar nós iolair a thugann ruathar anuas chun a chreach a alpadh.


Mairg daoibh, a áitritheoirí chósta na farraige, a chine na gCréiteach. (Tá briathar an Tiarna in bhur n‑aghaidh.) Ísleoidh mé thú, a dhúiche na bhFilistíneach! Millfidh mé thú sa chaoi nach bhfágfar aon áitritheoir ar bith ionat.


Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.


Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”


Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.


Deirim libh, tiocfaidh mórán anoir agus aniar agus beidh siad ina súí chun boird le hAbrahám agus le hÍosác agus le Iacób i ríocht na bhflaitheas;


Nuair a chuireadh Iosrael síol, thagadh Midián fara Amáiléic agus treibheanna an Oirthir, agus d'ionsaídís iad;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí