Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ta iníon Shíón fágtha mar bheadh bothán faire i bhfíonghort, mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar, mar bheadh cathair faoi léigear.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus atá inghean Shión ar na fágbháil amhuil bothan a bhfineamhuin, mar lóistín a ngáirdín chúcumer, mar chathruigh fá mbíath campa.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 1:8
21 Tagairtí Cros  

Thog sé nead damhán alla dó féin, Agus seantán fhear faire.


Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím; d'ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,


Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe, bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí; díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.


Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.


An lá seo féin déanfaidh sé sos i Nob. Bagróidh sé a lámh ar shliabh iníon Shíón, ar chnocán Iarúsailéim.


suífidh mé campa i do choinne mar a rinne Dáiví, cuirfidh mé túir léigir thart timpeall ort, tógfaidh mé claíocha léigir i d'éadan.


Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.


Seo é an fógra a thug an Tiarna uaidh ina choinne: Caitheann sí tarcaisne, caitheann sí achasán leat, an mhaighdean, iníon Shíón; craitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.


Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”


Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,


Beidh tú á rá leat féin i do chroí istigh: “Cé a shaolaigh iad siúd go léir dom? Bhí mé gan chlann agus mé aimrid, ach iad seo, cé a thóg suas iad?” Bhí mé fágtha liom féin, an dream úd mar sin, cá has a dtagann siad?


Seo é fógra an Tiarna go críocha na cruinne féin: “Abraigí le hiníon Shíón: Seo chugat d'fhuascailteoir. Tá a luach saothair leis ina sheilbh agus a chúiteamh á iompar roimhe amach.


beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”


Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguaird fearacht lucht coimhéadta goirt, de bhrí go raibh sí easumhal domsa - an Tiarna a labhraíonn.


An gcuirfimid iníon Shíón i gcomparáid le féarach cumhra?


Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.


Scrios sé an gairdín agus a bhoth; chreach sé a ionad teagmhála; i Síón chuir an Tiarna ar ceal an tionól féiliúil agus an tsabóid; le racht cuthaigh thug sé droim láimhe don rí agus don sagart araon.


Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh, a deir an Tiarna, óir táim tar éis sibhse a scaipeadh faoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


“Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí