Íseáia 1:25 - An Bíobla Naofa 198125 Iompóidh mé mo lámh i do choinne, glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis, agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Agus fillfidh mé mo lámh ortsa, agus glanfa mé go gléaghlan do shalchar uáit, agus bearuidh mé do stán uile asad: Féach an chaibidil |
[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.