Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Meallann gach aon acu a chéile, ní labhraíonn siad an fhírinne. Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá, tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus meallfuid síad gach áon aca a chomharsa, agus ní laibheoruid a nfírinne: do mhúineadar dá tteangaidh bréaga do rádh, agus do choiriodar íad féin lé déanamh égceirt.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:5
32 Tagairtí Cros  

Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.


An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?


D'urchóid a spreagann do ráite béil, Agus is gean leat teanga na gcleasaithe.


ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí, a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu.


Tugann tú do bhéal don olc agus cumann tú bréaga le do theanga.


Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais, a ghaiscígh na hurchóide?


Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna, ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.


tá uirlisí marfacha gléasta aige agus saigheada mar chaora tine.


Is ionraic iad smaointe an fhíréin; ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.


Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;


Is mairg dóibh siúd a tharraingíonn creach orthu féin le teaghrán eallaigh, agus an peaca mar bheadh tarraingeáil chairte orthu!


Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad, níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.” Fuair tú neart agus urra as an nua, mar sin níl tú tuirseach fós.


Cruithneacht a chuir siad i dtalamh, ach baineann siad dreas. Chuir siad iad féin chun saothair, ach ba é an saothar in aisce é. Loiceann barraí an fhómhair orthu, mar gheall ar fhearg an Tiarna.”


“Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”


An bhféadann an tAetópach a chraiceann a mhalairt nó an liopard a bhreacadh? Agus tusa, an bhféadann tú maith a dhéanamh, tusa a ghnáthaíonn déanamh an oilc?


“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”


Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine, agus loiscfear le tine a geataí arda. Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníocha is í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.”


á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ” Deireadh anseo le briathra Irimia.


Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.


Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.


Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.


“Ba in aisce a chaith mé mo neart leis: ní dhónn an mheirg throm sa tine.


a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).


“A phobal liom, céard a rinne mé ort? Cén chaoi ar chuir mé tuirse ort? Tabhair freagra orm.


Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.


Nach é an t‑aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t‑aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?


Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.


Meallfar iad le cur i gcéill lucht éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandálta leis an iarann dearg.


Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n‑aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d'Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí