Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Mar sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Anois beathóidh mé an pobal seo le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Féuch, biathfa mé íad, eadhon an pobalso, le mormónta, agus do bhéara mé uisge domblais dhóibh ré a ól.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:15
19 Tagairtí Cros  

Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn; bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.


Is briste mo chroí de chionn aithise ionas gur fágadh mé go faonlag fann. Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é; le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.


is é Dia féin an breitheamh; umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.


A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?


Ísleofar an t‑uabhar daonna, tabharfar béim síos do dhíomas an duine. Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,


Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh, nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí. Cén luach a chuirfí síos dó?


Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua i dtaobh na bhfáithe: Anois beathóidh mé iad le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól, mar is ó fháithe Iarúsailéim amach a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.


Cuirfidh mé an claíomh, an gorta agus an phlá ina gcoinne go scriosfar iad as an talamh a thug mé dóibh féin agus dá n‑aithreacha.”


Is mar seo a labhair an Tiarna, Dia Iosrael, liomsa: “Glac an cupán fíona seo as mo láimh agus tabhair ar an uile chine chuig a gcuirfidh mise thú, ól as;


Féach, beidh mise ag faire os a gcionn, ní ar mhaithe leo, ach chun a n‑aimhleasa; marófar an uile fhear de Iúdá atá san Éigipt, leis an gclaíomh nó leis an ngorta, go mbeidh deireadh leo.


“Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás. Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m'fhearg bhorb féin. Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh, go gcuirfidh mé deireadh leo.


Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.


Líon sé mé le luibheanna searbha agus chuir sé masmas orm le mormónta.


Cuimhnigh ar m'angar agus ar mo chuid fánaíochta, ar an mormónta agus ar an domlas.


Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.


Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.


“Seolfaidh an Tiarna thú féin agus an rí a chuirfidh tú os do chionn go cine nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha; déanfaidh tú fónamh ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche.


Ná bíodh fear ná bean ná clann ná treibh in bhur measc a iompaíonn a chroí inniu ón Tiarna ár nDia chun imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe na gciníocha sin. Ná bíodh aon fhréamh in bhur measc a bhéarfadh toradh nimhneach searbh.


“Mormónta” is ea a thugtar mar ainm ar an réalta. Agus rinne mormónta de thrian na n‑uiscí, agus is iomaí duine a fuair bás ó na huiscí mar gur éirigh siad searbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí