Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 51:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia, Tiarna na Slua. Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaí in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Oír níor tréigeadh Israel, ná Iúdah ó na Ndía, ó a THIGHEARNA na slógh; bíodh gur líonadh a ndúthaidh do pheacadh a naghaidh Aóin Náomhtha Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:5
37 Tagairtí Cros  

Agus déanfaidh mé cónaí i measc chlann Iosrael agus ní thréigfidh mé Iosrael mo phobal.”


Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.


Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.


Óir ní thréigfidh an Tiarna a phobal; ní thabharfaidh sé droim láimhe lena oidhreacht,


A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo, cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael. Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom; a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.


Is mise an Tiarna do Dhia a chorraíonn an fharraige agus a chuireann a tonnta ag torann; Tiarna na Slua is ainm dom.


Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.”


Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!


Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!


Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”


De bhrí gur thréig siad mise, gur thruailligh an áit seo, gur loisc túis inti do dhéithe eile nárbh aithnid dóibh féin, ná dá n‑aithreacha, ná do ríthe Iúdá riamh cheana. Líon siad an áit seo le fuil neamhchiontaigh.


Ar an ábhar sin is mar seo a deir Tiarna na Slua i dtaobh na bhfáithe: Anois beathóidh mé iad le mormónta, agus tabharfaidh mé uisce nimhiúil dóibh le hól, mar is ó fháithe Iarúsailéim amach a leathnaigh aindiagacht ar fud na dúiche.


Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas, agus fuaimint na talún thíos a spíonadh, is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael ar son gach a ndearna siad - an Tiarna a labhraíonn.”


Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.”


Sna laethanta sin agus san am sin, lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann, agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil. Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé.


Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.”


Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.


Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’


[Ní lia gaineamh na mara nach féidir a thomhas ná a chomhaireamh ná an chlann a bheidh fós ag Iosrael. Mar san áit ar gairmeadh Coimhthíoch díobh, glaofar orthu clann mhac Dé bheo.


Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom, agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]


Éistigí le briathar an Tiarna, a chlann Iosrael, mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre. Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,


ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású, agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír, agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.


Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.


Léirigh do dhílseacht do Iacób agus do bhuanghrá d'Abrahám faoi mar a mhionnaigh tú dár sinsir riamh anall.


Ar an lá sin, déanfaidh mé ciseán tine i lár coille agus tóirse lasrach i measc punann de chlanna Iúdá; loiscfidh siad náisiúin uile na comharsanachta ar dheis agus ar chlé. Ach beidh Iarúsailéim á háitriú agus í suite go daingean ina hionad féin i gcónaí.


Ar an lá sin, cosnóidh an Tiarna áitritheoirí Iarúsailéim agus ar an lá sin freisin beidh an duine is laige díobh cosúil le Dáiví agus beidh teaghlach Dháiví féin cosúil le Dia, cosúil le haingeal an Tiarna, ar a dtosach.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua, an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil, i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh: - óir aon duine a bhaineann libhse, baineann sé le himreasc a shúile -


Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí